BG-български език / CS-čeština / DA-dansk / DE-Deutsch / EL-ελληνικά / EN-English / ES-Español / ET-eesti / FI-suomi / FR-français / HR-hrvatski jezik / HU-magyar / IT-Italiano / LT-lietuvių kalba / LV-latviešu valoda / MT-Malti / NL-Nederlands / PL-Polszczyzna / PT-Português / RO-Română / SL-Slovenščina / SK-Slovenčina / SV-Svenska
Maidir le Measúnachtaí Tionchair Inbhuanaitheachta (SIAanna, Sustainability Impact Assessments)
Déanann SIAanna anailís ar an tionchar féideartha atá ag comhaontuithe trádála, a bhíonn á socrú ag an Aontas Eorpach (AE), ar chúrsaí eacnamaíochta, sóisialta, timpeallachta agus ar chearta an duine.
Bíonn siad bunaithe ar anailís láidir ar na hathruithe ar dócha gurb é an comhaontú trádála san AE, sa tír chomhpháirtíochta agus sna tíortha i mbéal forbartha is cúis a bheidh leo.
Chomh tábhachtach céanna, ina measc bíonn comhairliúcháin leathana leis na páirtithe leasmhara san AE agus sa tír chomhpháirtíochta. Is comhairleoirí seachtracha, coimisiúnaithe ag an gCoimisiún Eorpach, a thugann faoi na SIAanna go neamhspleách. Cuirtear torthaí agus moltaí an SIA leis an idirbheartaíocht, rud a chuidíonn leis na hidirbheartaithe barr feabhais a chur ar na roghanna beartas a bhaineann le hábhar.
Maidir le nuachóiriú an Chomhaontaithe Chomhlachais idir an AE agus an tSile.
In 2003, bhí an tSile ar an gcéad tír i Meiriceá Theas a raibh Comhaontú Comhlachais aici leis an AE.
Ó shin i leith, tá athrú as cuimse tarlaithe don eacnamaíocht dhomhanda, agus dá bharr sin tá sé socraithe ag an tSile agus an AE an comhaontú atá ann a nuachóiriú.
Cuireadh tús leis na cainteanna ar an nuachóiriú i mí na Samhna 2017 agus tá siad fós ar siúl faoi láthair.
Maidir le SIA an AE-na Sile
Tá an SIA atá ina thaca ag nuachóiriú chrann taca trádála an Chomhaontaithe Chomhlachais idir an AE agus an tSile á chur i bhfeidhm ag BKP Development, gnólacht taighde eacnamaíochta agus comhairliúcháin lonnaithe sa Ghearmáin, i gcomhar le Vincular, an tIonad um Fhreagracht Shóisialta agus um Fhorbairt Inbhuanaithe in Ollscoil Chaitliceach Valparaíso sa tSile.
Cuireadh tús leis an obair i ndeireadh Aibreáin 2018 agus leanfaidh sé ar feadh 14 mhí.
Réiteoidh an fhoireann trí phríomhthuarascáil.
Foilseofar na tuarascálacha ar an suíomh gréasáin seo i Meitheamh 2018 (tuarascáil tionscnaimh), Meán Fómhair 2018 (tuarascáil eatramhach) agus Eanáir 2019 (tuarascáil deiridh), agus déanfar iad a phlé le páirtithe leasmhara sula dtugtar chun críche iad.